Cultúr agus na meáin
Seiceálaimid na meáin agus ár ngréasáin shóisialta chun fáil amach cad atá ar siúl timpeall orainn. Bainimid ciall as na nithe a fheicimid agus as an saol timpeall orainn tríd an gcultúr. Léirímid an cultúr i mórán slite difriúla: ceol, scannáin, ealaín, damhsa... Ach ní fhaigheann na hearnálacha sin an t-aitheantas agus an tacaíocht airgeadais a bhíonn de dhíth orthu i gcónaí.
Le bliain anuas, tá na mílte daoine óga tar éis a smaointe a roinnt faoin tslí is fearr chun tacú le healaíontóirí, iriseoirí agus leis na tionscail chruthaitheacha. Tá sé in am anois aird a tharraingt ar eagraíochtaí, tionscadail agus daoine aonair áitiúla a bhfuil an-suim acu sa cheist seo.
An dteastaíonn uait tionscnamh a bhfuil an-suim agat ann a chur in iúl? Roinn linn é! Bí páirteach sa phlé agus cuidigh linn cnuasach de réitigh a fhorbairt.
Fothopaicí: scannáin, damhsa, litríocht, ceol, bia maith, físchluichí, ealaín, meáin shóisialta, drámaíocht, béaloideas, bréagnuacht, teangacha, reiligiúin.
48 smaoineamh faoi Cultúr agus na meáin
Níor aimsíodh aon toradh.